Categories
Gan Catagóir

IS AONROTHAÍ MÉ

Tadhg is ainm dom agus is aonrothaí fonnmhar mé.
Is é a leanas conas a thosaigh mé aonrothar a dhéanamh.
Ar dtús, mí ó shin, fuair mo Dhaidí aonrothar dom,
agus bhí orainn é a chur le chéile. Thóg sé timpeall ar uair a chloig.
Ansin, thriall mé dul ar an aonrothar agus chuaigh mé cúpla orlach
agus thit mé. Bhí sé níos deacra ná mar a shilfeá.
Ar deireadh tháinig mé isteach air,
mar bhí mo Dhaid ábalta greim láimhe a dhéanamh liom.
Ansin bhí mé in ann cothromaíocht a dhéanamh níos fearr.
Is léir gur chuidigh mo Dhaid, le tógail agus cothromaíocht,
agus mo féinstuama liom ar dtús chun aonrothaíocht a fhoghlaim.

Déanaim go leor rudaí anois mar aonrothaí. Ceann de na rudaí gur féidir liom a dhéanamh ná dul níos faide ná dhá chéad troigh gan aon chabhrú. Caithfidh mé focus go leor a dhéanamh fós. Rud eile gur féidir liom a dhéanamh ná uaireannta dul ar clé nó ar dheis má tá mé ag dhéanamh mo dhícheall. Fiu má tá mé ag déanamh mo dhícheall, tá sé fós deacair go leor. Is maith liom tosú le greim láimhe mo Dhaide agus ansin as go brách liom. Cabhraíonn mo Dhaid freisin le dul suas ar an aonrothar. Mar is léir duit, déanaim go leor anois cosúil le dul níos faide agus ag casadh, agus mé ag fáil cuidiú ó mo Dhaid.

Sa todhchái, beidh mé ag iarraidh an méid seo a leanas a dhéanamh mar aonrothaí. Ar dtús, tá súil agam go mbeidh mé in ann dul chomh fada agus ba mhaith liom. Tá súil agam freisin go mbeidh mé níos fearr ag casadh. Ansin, ba mhaith liom dul suas ar an aonrothar gan aon chabhrú. Sílim go mbeidh sé éasca chun dul timpeall an bhloic gan stró.

Ar deireadh, beidh mé ag obair chun dul ar cúl chomh maith le dul ar aghaigh go héasca. B’fhéidir go mbeidh in ann dul 50 míle lá éigin! Ar ndóigh, sa todhchaí, leanfaidh mé orm ag fáil níos fearr ag níos fearr
ag mo scileanna aonrothair, agus ag éirigh níos neamhspleáiche, agus dul ar marcaíochtaí níos faide agus níos faide.

Firicí Aonrothair Mar Spraoi

  • Is é an aonrothar féithicil a dhéanann teagmháil leis an talamh gan ach aon roth!
  • Gan a bheith cosúil le rothar, tá na troitheáin ceangáilte go díreach don roth, mar sin, nuair atá tú ag casadh na troitheán ar cúl, téann tú ar cúl. Ar an gnáth rothar, ní tharlaíonn faic.
  • Níl coscán ar bith ar aonrothar.
  • Ba in 1869 a fuair Frederick Myers an chéad phaitinn ar an aonrothar. Thug sé “velocipede” air.
  • Tá aonrothair Sioraf an ard!
  • Tá aonrothair le níos mó ná aon roth ina gcruach ceann ina dhiaidh a chéile ceangáilte le slabhraí.
  • Imrítear haca aonrothar ar fud na hEorpa agus na hAstráile.