Categories
Gan Catagóir

An Bosca Péinte Torannach

Scríofa ag Barb Rosenstock

Maisithe ag Mary GrandPre

Is é An Bosca Péinte Torannach le Barb Rosenstock leabhar neamh-fhicseán inspioráideach. Ceann de fáthanna ná go bhfaigheann buachaill Rúiseach darb ainm Vasya a bhosca péinte, agus fásann sé suas mar cheann de na chéad daoine a rinne ealaín teibí ariamh. Bhí gach duine ag smaoineamh go mbeadh ealaíontoirí ag cóipeáil a fheiceann siad go cruinn. Ach bhí Vasya ag iarraidh a mhothúcháin a chur ar pháipéar. Ceann de na fáthanna eile go raibh sé inspioráideach ná go raibh Vasya difriúil ó dhaoine eile. Bhí sé ábalta a chéadfaí a úsáid chun tarraingt le samhlaíocht agus dáthanna iontacha. Mar shampla, chuala sé toin ceoil mar dhathanna éagsúla. Agus tá sé ionspioráideach mar lean sé ar aghaidh leis an smaoineamh a bhí aige faoin saothar teibí. Agus fiú má raibh duine ag ceistiú é bhí sé fós á dhéanamh. Sílim go gcaithfidh tú caractar ar leith a bheith ionat chun é sin a dhéanamh. Is léar gurb é An Bosca Péinte Torannach leabhar gur mhaith leat léamh mar fhoghlaimíonn tú faoi ealaín teibí, samhlaíocht Vasya, agus an díograis atá ag Vasya dá obair.

Príomh-charactair:

Is é Vasya Kandinsky an t-aon príomh-charactar. Ba fíor-dhuine é a rugadh i Moscó sa Rúis in 1866. Ba bhreá le Vasya ealaíon teibí a dhéanamh. Bhí sé ag iarraidh tarraingt go saor, gan aon rialacha a dúirt daoine eile leis faoin ealaín a leanúint.