Scríofa ag Mary Duke, maisitheoir Ian Forss. Dáistrigh Jacqueline De Brún go Gaeilge é.
Sa leabhar seo, tá bliain nua ann agus múinteoir nua freisin. An t-ainm atá ar an mhúinteoir ná Bean Uí Tréanlámhaigh. Caithfidh gach duine sa seomra ranga rud éigen a rá futhú féin. Nuair atá a seal féin ag an mhúinteoir, deireann sí, “Is gaisteoir ailigéadar mé.” Tá iontas ar na páistí. Tá go leor ceisteanna ag na páistí faoi. Deireann an múinteoir go bhfuil ceadúnas gaisteora ailigéadar aici.
Ansin, páiste amháin, darb ainm Micí Sheáin ag caint faoina mhadra Lúlú agus conas a mharaigh sí náthair nimhe.
Tá gach duine scanraithe an lá dar gcionn mar tá ailigéadar gar don chomharsanacht. Níl aon duine ann chun déileáil leis. Ach ansin, d’inis beirt de na páistí ón rang don mhúinteoir go raibh ailigéadar sa sruthán. Chuaigh an múinteoir chomh gasta agus a b’fhéidir leithi chun an trealamh ailigéadar a fháil, mar shampla crann tochrais, agus rópa, agus chuaille ceaptha. Ansin rinne sí obair gasta chun an ailigéadar a cheapadh, agus a chur i van.
Ar ais ag an rang, léigh siad faoi go leor firicí faoi ailgéadair agus crogaill. Chuir Bean Uí Tréanlámhaigh ceisteanna faoi na rudaí a d’fhoghlaim na páistí.
Bhí an leabhar seo an-mhaith déanta. Bhí na maisiúcháin iontach, agus an scéal greannmhar. Mar shampla, chuir an múinteoir rolla páipéir leithris ar a cloigeann. Molaim an leabhar seo, má tá tú fiosrach faoi ailigéadair.
Is é An Bosca Péinte Torannach le Barb Rosenstock leabhar neamh-fhicseán inspioráideach. Ceann de fáthanna ná go bhfaigheann buachaill Rúiseach darb ainm Vasya a bhosca péinte, agus fásann sé suas mar cheann de na chéad daoine a rinne ealaín teibí ariamh. Bhí gach duine ag smaoineamh go mbeadh ealaíontoirí ag cóipeáil a fheiceann siad go cruinn. Ach bhí Vasya ag iarraidh a mhothúcháin a chur ar pháipéar. Ceann de na fáthanna eile go raibh sé inspioráideach ná go raibh Vasya difriúil ó dhaoine eile. Bhí sé ábalta a chéadfaí a úsáid chun tarraingt le samhlaíocht agus dáthanna iontacha. Mar shampla, chuala sé toin ceoil mar dhathanna éagsúla. Agus tá sé ionspioráideach mar lean sé ar aghaidh leis an smaoineamh a bhí aige faoin saothar teibí. Agus fiú má raibh duine ag ceistiú é bhí sé fós á dhéanamh. Sílim go gcaithfidh tú caractar ar leith a bheith ionat chun é sin a dhéanamh. Is léar gurb é An Bosca Péinte Torannach leabhar gur mhaith leat léamh mar fhoghlaimíonn tú faoi ealaín teibí, samhlaíocht Vasya, agus an díograis atá ag Vasya dá obair.
Príomh-charactair:
Is é Vasya Kandinsky an t-aon príomh-charactar. Ba fíor-dhuine é a rugadh i Moscó sa Rúis in 1866. Ba bhreá le Vasya ealaíon teibí a dhéanamh. Bhí sé ag iarraidh tarraingt go saor, gan aon rialacha a dúirt daoine eile leis faoin ealaín a leanúint.
Scríobh Éamonn Ó Ruanaí an leabar seo. Kieran Black a mhaisigh. Fadó, fadó, bhí buachaill ann darb ainm Cormac. Níl Cormac ach 12 bliain d’aois. Tá Cormac ag rith sa choill lá amháin, agus feiceann sé torc bán mór. Tá Cormac scanraithe mar chuala sé scéalta faoi torc bán speisialta atá dainséarach. Teitheann sé ón torc, agus dreapann sé suas i gcrann le dul i bhfolach ón torc. Fanann sé sa chrann go n-imíonn an torc faoi dheireadh. Ritheann Cormac ar ais go dtí an baile beag. Labhraíonn sé lena athair faoin torc. Tá a athair ag iarraidh a insint don draoi faoin torc bán. Téann siad go teach an draoi, agus insíonn Cormac dó an scéal go léir. Tugann an draoi starrfhiacla do Chormac, atá bródúil astu.
Ansin, tagann an Rí, cloiseann sé an scéal faoin torc bán ar leith seo. Tá iontas ar an Rí nuair a chloiseann sé gur buachaill beag óg a chonaic an torc. Tá an Rí ag iarraidh an toirc a sheilg láithreach. Níl an Rí ag iarraidh seilg tabhachtach mar seo a dheanamh le buachaill. Ach deir an Draoi go bhfuil ceangail ag Cormac leis an torc bán, agus go gcaithfidh sé Cormac a thabhairt leis. B’fhéidir go mbeadh Cormac in ann an torc bán a áimsiú. Tá torchshleá ag Cormac sa seilg. Téann athair Chormaic leo. Ar deireadh, is beag nach bhfaigheann siad an torc, ach ansin téann an torc isteach san uaimh, agus leanann an Rí é. Ansin maraíonn an torc an Rí.
Tá brón mór ar Chormac agus a athair, agus tá orthu corp an Rí a iompar ar ais go dtí an baile. Insíonn siad an scéal dón draoi agus na daoine sa bhaile go léir. Deir an Draoi go raibh sé tabachtach cuimhniú ar an Rí, agus searmanas a dhéanamh chun iarsmí an Rí a chuir lena shinsir, i mBrú na Bóinne. Déanann muintir an bhaile go léir an socraid agus searmanas.
Deireann an Draoi go gcaithfidh Cormac dul sa tóir ar an torc bán mar ní bheidh rath ná ádh ar an bhaile go dtí go bhfuil an torc marbh. Deireann sé nach mbeidh Solas an tSéin orthu agus an torc fós beo. “Níl ionamsa ach buachaill” a deir Cormac. Tugann an draoi Scian an Mhiotail Ghil do Chormac.
As go brách le Cormac, téann sé go dtí an fhoraois. Tógann sé cúpla lá chun an torc a aimsiú. Ansin, feiceann Cormac an torc ag tochailt san ithir. Caitheann Cormac a thorcshléa, ach theip air, mar bhí an torc ró-ghasta. Ritheann an torc isteach san uisce, snámhann sé go dtí taobh eile na habhann. Bhí Cormac ro-dhéanach cheana féin, mar bhí an torc imithe. Tá Cormac faoi bhrón gur chaill sé an torc agus siúileann sé ar ais abhaile.
An mhaidin dar gcionn ritheann Cormac go dtí an uaimh inar maraíodh an Rí, agus siúileann sé isteach. Tá an torc ag troid le Cormac, agus chaitheann sé a thorcshléa, buaileann sé an torc, ach briseann an sleá. Cuireann Cormac Scian an Mhiotail Ghil i mbolg an toirc. Titeann Cormac i bhfanntas, agus tá an torc marbh.
Tá athair Chormaic, Diarmaid Dubh, agus an Draoi buartha faoi Chormac, már bhí sé ar iarraidh le cúpla lá. Siúlann siad go dtí an uaimh. Feiceann siad an torc bán marbh. Agus nuair a tharraingíonn siad ar chorp an toirc, faigheann siad Cormac ina luí faoi. Nuair a fheiceann Diarmaid Dubh a mhac Cormac, ligeann sé búir as. Ansin tá smaoineamh ag an Draoi: faigheann sé cloch, agus briseann sé na starrfhiacla as béal an toirc, tógann an Draoi caonach glas as a mhála, cludaíonn sé créachta Chormaic leis, déanann sé bindealán lena chlóca feín.
Ansin cloiseann sé casacht bheag, ardaíonn croí Dhiarmada. Feiceann sé go bhfuil Cormac fós beo, agus deireann an Draoi go bhfuil gaisce déanta ag Cormac Finn mac Dhiarmada Dhuibh. Ansin cuireann Cormac starrfhiacla an toirc bháin air féin. Deireann an Draoi gurb é Cormac an Rí nua. Ní thugann duine ar bith faoi deara, ach an Draoi, go bhfuil Solas an tSéin ag soilsiú ar iarsmaí na Sinsear.
Ar Thóir an Toirc Bháin
Bhí an leabhar seo scríofa go han-mhaith! Thaitin an scéal liom go leor! Is breá liom na pictiúir go léir. Bhí saol an-difriúil ag daoine in Éirinn sa sean-am.
Lá amháin i gCros Naofa, Calafoirne, tháinig ár gcol-ceathracha go dtí ár dteach. Chuaigh muid go dtí Páirc Stáit Henry Cowell chun na crainn adhmaid rua a thaispeáint dóibh ar siúlóid. Ba bhreá leo an phluais mhór faoin crann gur féidir leat dreapadh isteach ann le do thoirse leictreach. Nuair a bhí lón thart, chuaigh muid go dtí an Áit Mistéarach. Bhí muid trína chéile faoi conas a oibríonn an domhantarraingt ansin! Bhrath muid go raibh muid ar claonadh! San oíche, fuair muid píotsa a bhí an-bhlasta ag Píotsa Mo Chroí. Fuair mise piobarónaí. An lá ina dhiaidh sin, bhí ar mo chol-ceathracha dul. Bhí iontas orthu faoi na háiteanna go leír a roinn muid leo. Is áit speisialta Cros Naofa, agus tá súil agam gur féidir liom é a roinnt le níos mó daoine!
Ceann de na háiteanna is fearr le dul i gCros Naofa ná an cuan. Is féidir leat spraoi ar an gaineamh ag Trá Dhá Loch, nó ag Trá Farraige Geal ar dhá thaobh an chuain. Is féidir leat féachaint ar ainmhithe mar rónta, leoin mara, faoileáin, dobharchúnna na mara, peidhleacáin, agus deilfeanna san uisce! Is breá liom féachaint ar míolta móra ar bhád mór gur féidir leat dul ar bord. Uair amháin, chonaic mé mamaí orca agus babaí léi! Is léir gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar an chuan de bharr na trá, na n-ainmhithe, agus na mbád.
Tadhg is ainm dom agus is aonrothaí fonnmhar mé. Is é a leanas conas a thosaigh mé aonrothar a dhéanamh. Ar dtús, mí ó shin, fuair mo Dhaidí aonrothar dom, agus bhí orainn é a chur le chéile. Thóg sé timpeall ar uair a chloig. Ansin, thriall mé dul ar an aonrothar agus chuaigh mé cúpla orlach agus thit mé. Bhí sé níos deacra ná mar a shilfeá. Ar deireadh tháinig mé isteach air, mar bhí mo Dhaid ábalta greim láimhe a dhéanamh liom. Ansin bhí mé in ann cothromaíocht a dhéanamh níos fearr. Is léir gur chuidigh mo Dhaid, le tógail agus cothromaíocht, agus mo féinstuama liom ar dtús chun aonrothaíocht a fhoghlaim.
Déanaim go leor rudaí anois mar aonrothaí. Ceann de na rudaí gur féidir liom a dhéanamh ná dul níos faide ná dhá chéad troigh gan aon chabhrú. Caithfidh mé focus go leor a dhéanamh fós. Rud eile gur féidir liom a dhéanamh ná uaireannta dul ar clé nó ar dheis má tá mé ag dhéanamh mo dhícheall. Fiu má tá mé ag déanamh mo dhícheall, tá sé fós deacair go leor. Is maith liom tosú le greim láimhe mo Dhaide agus ansin as go brách liom. Cabhraíonn mo Dhaid freisin le dul suas ar an aonrothar. Mar is léir duit, déanaim go leor anois cosúil le dul níos faide agus ag casadh, agus mé ag fáil cuidiú ó mo Dhaid.
Sa todhchái, beidh mé ag iarraidh an méid seo a leanas a dhéanamh mar aonrothaí. Ar dtús, tá súil agam go mbeidh mé in ann dul chomh fada agus ba mhaith liom. Tá súil agam freisin go mbeidh mé níos fearr ag casadh. Ansin, ba mhaith liom dul suas ar an aonrothar gan aon chabhrú. Sílim go mbeidh sé éasca chun dul timpeall an bhloic gan stró.
Ar deireadh, beidh mé ag obair chun dul ar cúl chomh maith le dul ar aghaigh go héasca. B’fhéidir go mbeidh in ann dul 50 míle lá éigin! Ar ndóigh, sa todhchaí, leanfaidh mé orm ag fáil níos fearr ag níos fearr ag mo scileanna aonrothair, agus ag éirigh níos neamhspleáiche, agus dul ar marcaíochtaí níos faide agus níos faide.
Firicí Aonrothair Mar Spraoi
Is é an aonrothar féithicil a dhéanann teagmháil leis an talamh gan ach aon roth!
Gan a bheith cosúil le rothar, tá na troitheáin ceangáilte go díreach don roth, mar sin, nuair atá tú ag casadh na troitheán ar cúl, téann tú ar cúl. Ar an gnáth rothar, ní tharlaíonn faic.
Níl coscán ar bith ar aonrothar.
Ba in 1869 a fuair Frederick Myers an chéad phaitinn ar an aonrothar. Thug sé “velocipede” air.
Tá aonrothair Sioraf an ard!
Tá aonrothair le níos mó ná aon roth ina gcruach ceann ina dhiaidh a chéile ceangáilte le slabhraí.
Imrítear haca aonrothar ar fud na hEorpa agus na hAstráile.