Categories
Gan Catagóir

Ar Thóir An Toirc Bháin

Scríobh Éamonn Ó Ruanaí an leabar seo. Kieran Black a mhaisigh. Fadó, fadó, bhí buachaill ann darb ainm Cormac. Níl Cormac ach 12 bliain d’aois. Tá Cormac ag rith sa choill lá amháin, agus feiceann sé torc bán mór. Tá Cormac scanraithe mar chuala sé scéalta faoi torc bán speisialta atá dainséarach. Teitheann sé ón torc, agus dreapann sé suas i gcrann le dul i bhfolach ón torc. Fanann sé sa chrann go n-imíonn an torc faoi dheireadh. Ritheann Cormac ar ais go dtí an baile beag. Labhraíonn sé lena athair faoin torc. Tá a athair ag iarraidh a insint don draoi faoin torc bán. Téann siad go teach an draoi, agus insíonn Cormac dó an scéal go léir. Tugann an draoi starrfhiacla do Chormac, atá bródúil astu.

Ansin, tagann an Rí, cloiseann sé an scéal faoin torc bán ar leith seo. Tá iontas ar an Rí nuair a chloiseann sé gur buachaill beag óg a chonaic an torc. Tá an Rí ag iarraidh an toirc a sheilg láithreach. Níl an Rí ag iarraidh seilg tabhachtach mar seo a dheanamh le buachaill. Ach deir an Draoi go bhfuil ceangail ag Cormac leis an torc bán, agus go gcaithfidh sé Cormac a thabhairt leis. B’fhéidir go mbeadh Cormac in ann an torc bán a áimsiú. Tá torchshleá ag Cormac sa seilg. Téann athair Chormaic leo. Ar deireadh, is beag nach bhfaigheann siad an torc, ach ansin téann an torc isteach san uaimh, agus leanann an Rí é. Ansin maraíonn an torc an Rí.

Tá brón mór ar Chormac agus a athair, agus tá orthu corp an Rí a iompar ar ais go dtí an baile. Insíonn siad an scéal dón draoi agus na daoine sa bhaile go léir. Deir an Draoi go raibh sé tabachtach cuimhniú ar an Rí, agus searmanas a dhéanamh chun iarsmí an Rí a chuir lena shinsir, i mBrú na Bóinne. Déanann muintir an bhaile go léir an socraid agus searmanas.

Deireann an Draoi go gcaithfidh Cormac dul sa tóir ar an torc bán mar ní bheidh rath ná ádh ar an bhaile go dtí go bhfuil an torc marbh. Deireann sé nach mbeidh Solas an tSéin orthu agus an torc fós beo. “Níl ionamsa ach buachaill” a deir Cormac. Tugann an draoi Scian an Mhiotail Ghil do Chormac.

As go brách le Cormac, téann sé go dtí an fhoraois. Tógann sé cúpla lá chun an torc a aimsiú. Ansin, feiceann Cormac an torc ag tochailt san ithir. Caitheann Cormac a thorcshléa, ach theip air, mar bhí an torc ró-ghasta. Ritheann an torc isteach san uisce, snámhann sé go dtí taobh eile na habhann. Bhí Cormac ro-dhéanach cheana féin, mar bhí an torc imithe. Tá Cormac faoi bhrón gur chaill sé an torc agus siúileann sé ar ais abhaile.

An mhaidin dar gcionn ritheann Cormac go dtí an uaimh inar maraíodh an Rí, agus siúileann sé isteach. Tá an torc ag troid le Cormac, agus chaitheann sé a thorcshléa, buaileann sé an torc, ach briseann an sleá. Cuireann Cormac Scian an Mhiotail Ghil i mbolg an toirc. Titeann Cormac i bhfanntas, agus tá an torc marbh.

Tá athair Chormaic, Diarmaid Dubh, agus an Draoi buartha faoi Chormac, már bhí sé ar iarraidh le cúpla lá. Siúlann siad go dtí an uaimh. Feiceann siad an torc bán marbh. Agus nuair a tharraingíonn siad ar chorp an toirc, faigheann siad Cormac ina luí faoi. Nuair a fheiceann Diarmaid Dubh a mhac Cormac, ligeann sé búir as. Ansin tá smaoineamh ag an Draoi: faigheann sé cloch, agus briseann sé na starrfhiacla as béal an toirc, tógann an Draoi caonach glas as a mhála, cludaíonn sé créachta Chormaic leis, déanann sé bindealán lena chlóca feín.

Ansin cloiseann sé casacht bheag, ardaíonn croí Dhiarmada. Feiceann sé go bhfuil Cormac fós beo, agus deireann an Draoi go bhfuil gaisce déanta ag Cormac Finn mac Dhiarmada Dhuibh. Ansin cuireann Cormac starrfhiacla an toirc bháin air féin. Deireann an Draoi gurb é Cormac an Rí nua. Ní thugann duine ar bith faoi deara, ach an Draoi, go bhfuil Solas an tSéin ag soilsiú ar iarsmaí na Sinsear.

Ar Thóir an Toirc Bháin

Bhí an leabhar seo scríofa go han-mhaith! Thaitin an scéal liom go leor! Is breá liom na pictiúir go léir. Bhí saol an-difriúil ag daoine in Éirinn sa sean-am.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *