Scríofa ag Mary Duke, maisitheoir Ian Forss. Dáistrigh Jacqueline De Brún go Gaeilge é.

Sa leabhar seo, tá bliain nua ann agus múinteoir nua freisin. An t-ainm atá ar an mhúinteoir ná Bean Uí Tréanlámhaigh. Caithfidh gach duine sa seomra ranga rud éigen a rá futhú féin. Nuair atá a seal féin ag an mhúinteoir, deireann sí, “Is gaisteoir ailigéadar mé.” Tá iontas ar na páistí. Tá go leor ceisteanna ag na páistí faoi. Deireann an múinteoir go bhfuil ceadúnas gaisteora ailigéadar aici.
Ansin, páiste amháin, darb ainm Micí Sheáin ag caint faoina mhadra Lúlú agus conas a mharaigh sí náthair nimhe.
Tá gach duine scanraithe an lá dar gcionn mar tá ailigéadar gar don chomharsanacht. Níl aon duine ann chun déileáil leis. Ach ansin, d’inis beirt de na páistí ón rang don mhúinteoir go raibh ailigéadar sa sruthán. Chuaigh an múinteoir chomh gasta agus a b’fhéidir leithi chun an trealamh ailigéadar a fháil, mar shampla crann tochrais, agus rópa, agus chuaille ceaptha. Ansin rinne sí obair gasta chun an ailigéadar a cheapadh, agus a chur i van.
Ar ais ag an rang, léigh siad faoi go leor firicí faoi ailgéadair agus crogaill. Chuir Bean Uí Tréanlámhaigh ceisteanna faoi na rudaí a d’fhoghlaim na páistí.
Bhí an leabhar seo an-mhaith déanta. Bhí na maisiúcháin iontach, agus an scéal greannmhar. Mar shampla, chuir an múinteoir rolla páipéir leithris ar a cloigeann. Molaim an leabhar seo, má tá tú fiosrach faoi ailigéadair.