Categories
Gan Catagóir

Lá iontach i gCros Naofa

Lá amháin i gCros Naofa, Calafoirne, tháinig ár gcol-ceathracha go dtí ár dteach. Chuaigh muid go dtí Páirc Stáit Henry Cowell chun na crainn adhmaid rua a thaispeáint dóibh ar siúlóid. Ba bhreá leo an phluais mhór faoin crann gur féidir leat dreapadh isteach ann le do thoirse leictreach. Nuair a bhí lón thart, chuaigh muid go dtí an Áit Mistéarach. Bhí muid trína chéile faoi conas a oibríonn an domhantarraingt ansin! Bhrath muid go raibh muid ar claonadh! San oíche, fuair muid píotsa a bhí an-bhlasta ag Píotsa Mo Chroí. Fuair mise piobarónaí. An lá ina dhiaidh sin, bhí ar mo chol-ceathracha dul. Bhí iontas orthu faoi na háiteanna go leír a roinn muid leo. Is áit speisialta Cros Naofa, agus tá súil agam gur féidir liom é a roinnt le níos mó daoine!

Mise le beirt chol ceathracha

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *